| Tráth chuaigh mé seal tamailt ar cuairt
|
| Gur bhreatnaigh mé uaim an spéir
|
| Thart fá na hoileáin ó thuaidh
|
| Mar bheadh eilit agus cú 'na diaidh
|
| 'Sé deirfeadh gach duine fán chuan
|
| Tráth thuirling mé anuas fán ché
|
| Aithnim go maith ar do ghruaim
|
| Gur fear thú a bhfuil ruaig do dhiaidh
|
| Casadh domh cailín dheas óg
|
| Ach má casadh sí a labhair go géar
|
| Más fear thú a bhain do mhnaoi óig
|
| Cha mholaim rómhór do «thrade»
|
| Chonaic mé fear ar tír mór
|
| Is é ag imeacht gan bhróg inné
|
| Is dóigh liom gur tusa an fear óg
|
| Is go bhfuil ort an tóir do dhiaidh
|
| D’fhreagair mé an ainnir dheas óg
|
| Mar ghlac sí go mór mo scéal
|
| 'Stad do do mhagadh níos mó
|
| Nó ní duine den tseort sin mé
|
| Ach suigh thusa anall I mo chomhair
|
| Is bí ag an nós liom féin
|
| Nó rachaidh mé os coinne mo shróin
|
| Amach ar tír mór le léim
|
| Thit muid I dtuirse 's I mbrón
|
| Is d’fhiafraigh an óigbhean díom
|
| Cá bhfaighimis gloine le hól
|
| A thógfas an brón dar gcroí
|
| Tá teach beag ar leataobh an róid
|
| Agus coinníonn sé I gcónaí braon
|
| Gabh thusa gus «rappal» ar an bhord
|
| Is ní dhíolfaidh do phócaí phingin
|
| Bhí biotáilte fairsing go leor
|
| A raibh beagán 'á ól sa tír'
|
| 'S dá dtarrnóinnse Galún Uí Dhomhnaill
|
| B’fhurast mo scór a dhíol |