| Bí trócaireach linn a Thiarna agus beannaigh sinn
| Have mercy on us Lord and bless us
|
| Go mola na ciníocha thú a Dhia
| May the nations praise you, O God
|
| Go mola na ciníocha go léir thú
| May all the nations praise you
|
| Bí trócaireach linn a Thiarna agus beannaigh sinn
| Have mercy on us Lord and bless us
|
| Taispeáin dúinn solas do ghnúise
| Show us the light of your face
|
| Chun go naithneofaí do shíl ar talamh
| To make your thought known on earth
|
| Agus do shlánú i measc na náisiún go léir
| And your salvation among all nations
|
| Bí trócaireach linn a Thiarna agus beannaigh sinn
| Have mercy on us Lord and bless us
|
| Go ndéana na náisiún lúcháir agus gairdeas
| May the nations rejoice and be glad
|
| Toisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht
| Because you rule the world with righteousness
|
| Teoraíonn tú na náisiún ar talamh
| You limit the nations on earth
|
| Bí trócaireach linn a Thiarna agus beannaigh sinn
| Have mercy on us Lord and bless us
|
| Thug an talamh a thoradh uaidh go flúirseach
| The earth brought forth its fruit in abundance
|
| Agus chuir Dia ár nDia a bheannacht orainn
| And God our God blessed us
|
| Go mbeannaí ár nDia i gcónaí sinn
| May our God always bless us
|
| Agus gurab eagal le críocha na cruinne é
| And that he feared the ends of the earth
|
| Bí trócaireach linn a Thiarna agus beannaigh sinn
| Have mercy on us Lord and bless us
|
| Go mola na ciníocha thú a Dhia
| May the nations praise you, O God
|
| Go mola na ciníocha go léir thú
| May all the nations praise you
|
| Bí trócaireach linn a Thiarna agus beannaigh sinn | Have mercy on us Lord and bless us |