Lyrics Eochaill - Dänu

Eochaill - Dänu
Song information On this page you can read the lyrics of the song Eochaill , by -Dänu
Song from the album: Think Before You Think
In the genre:Музыка мира
Release date:21.02.2000
Song language:Irish
Record label:Shanachie

Select which language to translate into:

Eochaill
Maidin Domhnaigh, is mé ag dul go hEochaill
Do casadh an óig-bhean orm sa tslí
Bhí a gruaig ar áilleacht ar sileadh thóirste
Is ba bhinne a glór ná na ceolta sídhe
Leagas mo lámh ar a bráid le mórtas
Is d’iarr mé póigín ar stór mo chroí
Sé duirt sí «Stad is ná strac mo chlóca
Is gan fios do ghnósa ag bean do thí»
«Seo mo lámh duit ná fuilim pósta
'S gur buachaill óg mé thug gean do mhnaoí
'S dá dtriallfá liomsa ar ais go hEochaill
Go bhfaighfeá ómos mar a gheobhadh bean tí
Chuirfinn high-caul cap i gceart is i gcóir ort
Gúna, clóca is caipisín
Bheadh siopa dram againn de’n bhfíon is den bheoraigh
Is do leanbh dóigheamhail ag siúl an tí»
«Níl ann ach uair bheag ó d’fhág mise Eochaill
'S ní ligeann an brón dom filleadh arís
Mar go mbheadh mo mhuintir i bhfeirg mhór liom
'S cha bhfaighinnse fóirthint óm' chairde gaoil
Leath a ndeir siad, ní dheanaim a gcomhairle
Ach buailim an bóthar de ló 'gus d’oíche
Is cailín scaite mé 'tá ag siúl an bhóthraigh
Ag lorg eolais ar Cheapach Chuinn»

Write what you think about the lyrics!

Other songs by the artist:

New texts and translations on the site: